Slán an tSamhail

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Nath Gaeilge, ar dócha gur leagan de nath idirnáisiúnta é, is ea Slán an tSamhail. Féach an sliocht seo ó An Béal Beo le Tomás Ó Máille.

Má bhíonn tú ag cur síos ar ghortú, nó drochlot a bhain do dhuine agus má thaispeánann tú an geadán ar do chois nó ar do láimh féin , 'slán an tsamhail ' a déarfá; 'fuair sé drochiarraidh anseo sa lorga, slán an tsamhail. Tá leagan de le fáil sa Bhéarla, mar atá '(God) save the mark)'. Tá an nath ag Shakespeare i Romeo and Juliet I saw the wound, I saw it with mine eyes- God save the mark ! — here on his...