Seirbhísí Nóis Imeachta (Oireachtas)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist le Seirbhísí Nóis Imeachta (Oireachtas) ná na seirbhísí a bhaineann leis an gcomhairle a chuirtear ar Chathaoirligh na dTithe agus ar a gcuid Coistí maidir le Buan-Orduithe, Rialuithe an Chathaoirligh agus nósmhaireacht an Oireachtais a chur i bhfeidhm agus a chomhlíonadh, chomh maith leis na seirbhísí a chuireann Rúnaireacht na gCoistí agus na hOifigí Nóis Imeachta ar fáil – Oifig na gCeisteanna (Ceisteanna Parlaiminte, tairiscintí), Oifig na mBillí (a bhainistíonn próiseáil na reachtaíochta trí na Tithe – Billí, Leasuithe ar Bhillí, Achtanna an Oireachtais) agus Oifig na nImeachtaí (a chothabhálann Cín Lae ar Imeachtaí, Buan-Orduithe, Rialuithe an Chathaoirligh, Riar na hOibre).