Seach-chonair croí is scamhóg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gaireas chun obair caidéalaithe an chroí a ghlacadh ón gcroí féin agus obair riospráide na scamhóg a ghlacadh ó na scamhóga chun gur féidir an croí a stopadh le haghaidh obráide air (mar shampla, chun comhla saorga a ionphlandú in ionad comhla fhabhtaigh). Úsáidtear caidéil chun an fhuil a thiomáint trí phíobáin, déanta as plaistigh ar leith, agus meaisín ocsaiginithe chun ocsaigin a chur isteach sa bhfuil roimh í a chaidéalú isteach sa cholainn chun dé-ocsaíd charbóin a bhaint aisti nuair a fhilleann sí ón gcolainn. Scagtar an fhuil, agus coinnítear ag teocht oiriúnach an t-am ar fad is í ag taisteal tríd an meaisín, go minic ar feadh uaireanta an chloig.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Seach-chonair croí is scamhóg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 587.