Screamhuisce

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Uisce atá i láthair sna carraigeacha póiriúla cosúil le gaineamhchlocha is aolchlocha. Is féidir go n-éiríonn sé ó uisce a shíothlaigh síos ón dromchla (uisce meitéarach), a bhí ann nuair a leagadh síos an charraig mhoirtiúil (uisce comhaoiseach), nó ó ionsánna doigheartha (uisce nua-ghinte). Tugtar an maoschlár ar an leibhéal faoin talamh a bhfuil na carraigeacha faoina bhun sáithithe le huisce, agus faightear toibreacha nádúrtha mar a sroicheann an maoschlár dromchla an Domhain.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Screamhuisce". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 586.