Sceilig Mhichíl

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sceilig Mhichíl

Is oileán carraigeach é Sceilg Mhichíl atá suite thart ar 15 kiliméadair amach uaidh cósta Contae Chiarraí. Is é an t-oileán is mó den dhá Sceilgeacha. Bhí sé mar ionad tábhachtach do manaigh críostaíochta Éireannacha ar feadh tréimhse 600 blian. Tógadh mainistreach ar bharr na carraige (atá airde 230 médair aici) nach mór, sa bhlian 588. Ghnóthaigh sé stádas mar Suíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO sa bhlian 1996. Is é ceann de mainstreacha na hEorpa atá níos aithnidiúla, ach ag an am gcéanna tá sé mar cheann de na mainistreacha nach bhfuil sé éasca cuairt a thabhairt air.

Tá an mainistir caomhnaithe go maith, mar gheall ar a iarghúltacht agus an deacreacht a chruthaíonn sé sin do chuartóirí fáil chuige. Chónaigh na manaigh i gcealla coirceagacha ar a ghlaodh clocháin orthu. Is féidir le duine tuiscint a bheith acu ar cé chomh diantréanach is a bhí saol na manach nuair a bhfeiceann siad cé chomh lom is atá an mainistir.

Stair[athraigh | edit source]

Tharla roinnt ruathar Lochlannach ar an oileán, an ceann ba fiachmhara ag teacht sa bhlian 823. Mhair an mainistir tríothú uilig áfach, agus rinneadh forbairt mór air ag tús an dara mhílaois, nuair a tógadh séipéil nua lena linn. Is léir nach raibh líon ard daoine i riamh sa phobail a bhíodh ann. Ceaptar nach raibh níos mó na 12 manaigh agus ab ann ag aon am amháin. D'fhág na manaigh an Sceilig uair éigin sa 12iú aois agus bhog siad chuig an mórthír. Is go dtí an mainistreach Agastíneach i mBaile na Sceilge a chuaigh siad.

Ceann den dá tithe solais ar Sceilig Mhichíl

Bhíodh turais oilithreachtaí ag dul chuige ón 16iú aois ar aghaidh, cé go raibh duine ar bith ina gcónaí ann. Sa 19iú aois tógadh dhá teach solais uirthi agus bhí daoine ina chónaí ann arís. Is beirt coimeádaithe tigh solais, a mhalartaigh fanacht ann bunaithe ar rota, a bhí ina chónaí ann ó sin amach. Tá an dara teach solais fós in úsáid, cé gur athtógáileadh é sna 1960idí. D'fhág an coimeádaí sna 1980idí agus tá sé uathoibríoch anois. Sa bhlian 1986 rinneadh roinnt oibre athchóirithe agus bunaíodh biúró oifigiúl turasóireachta ceangailte leis an oiléain chomh maith. Le déanaí cuireadh srianta ar turasóirí maidir le cuairt a thabairt ar an oileáin mar gheall ar an damáiste a bhí á dhéanamh acu. Bhí buairt áirithe ann go raibh na sean-choiscéimeamma cloiche á gcreimeadh acu. Tá roghanna éagsúla, maidir le módhanna a ligfidh do turasóirí cuairt a thabhairt ar an oileáin ach go mbeidh sé fós caomhnaithe, á thabhairt san áireamh faoi láthair.

Anaclann Dúlra[athraigh | edit source]

An Guairdeall

Is anaclann dúlra tábhachtach é an Sceilig Mhichíl mar aon lena comharsan an Sceilg Bheag. Tá go leor speicis éagsúla d'éin mara Atlantacha ann. Ina measc bíonn an crosán, an guairdeall, an chanóg dhubh agus an chanóg bhán.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]