Saoirse cainte sa Ghearmáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Volksverhetzung

Maíonn an Rialtas Gearmánach go bhfuil sé i bhfách le saoirse cainte, agus tá cead ag aon duine aon teanga a labhairt go poiblí. Ach níl an tsaoirse cainte sa Ghearmáin gan teorainn. Tá gríosú chun fuatha, nó Volksverhetzung, mídhleathach sa Ghearmáin. Mar shampla, tá cosc sa Ghearmáin ar ráitis fhrith-Sheimíteacha nó aon ráiteas a shéanann ceart stáit Iosrael.[1]

Bíonn dualgas ann Béarla nó Gearmáinis a úsáid le linn agóidí, gan aistritheoir cláraithe a bheith i láthair. Chomh maith le labhairt na Gearmáinise agus an Bhéarla, ceadaítear labhairt na hAraibise ag agóidí i gcásanna áirithe ach ní foláir ateangaire réamhchláraithe a bheith i láthair ag an agóid chun aistriúchán ar chúrsaí a chur ar fáil do na póilíní.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá comhthéacs stairiúil/polaitiúil le cur san áireamh anseo, agus tá cúis mhaith ag na Gearmánaigh chun dlíthe i gcoinne na fuathchainte a bheith acu. Ós amhlaidh atá, tá ag méadú le tamall de bhlianta ar an imní atá ann mar gheall ar inneachar díobhálach agus ar fhuathchaint a chuirtear ar fáil ar sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán.

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh cosc ar labhairt na Gaeilge i mBeirlín i mí Aibreáin 2024; chuir na póilíní cosc ar úsáid na Gaeilge ag léirsiú poiblí ag campa agóide ar son na Palaistíne sa chathair. Chuir garda Bheirlín srianta teanga i bhfeidhm chun ráitis phoiblí mhídhleathacha a chosc.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]