Súmaire (iasc)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Iasc beag muirí a fhaightear ar fud an Domhain i ngnáthóga carraigeacha cois cladaigh i bhfarraigí trópaicacha is measartha. An ceann triantánach, an cholainn mín leata ar an taobh thíos le teasc mhór suite, déanta as na heití peilbheacha, a úsáideann sé chun greamú le carraigeacha. Cuimsíonn sé an súmaire Cornach.