Séamus Ó Coileáin (aistritheoir)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSéamus Ó Coileáin
Beathaisnéis
BreithÁth an tSléibhe Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmaistritheoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata

Is aistritheoir Éireannach ó Áth an tSléibhe in Iarthar Luimnigh é Séamus Ó Coileáin. Tá sé i mbun aistriúcháin le breis is fiche bliain agus múineann sé scileanna aistriúcháin do mhic léinn BA agus MA in Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Ar na haistriúcháin litríochta dá cuid a foilsíodh go dtí seo, tá

  • An tAilceimiceoir (Coiscéim, 2010), leagan Gaeilge de The Alchemist le Paulo Coelho agus
  • Nioclás Beag: Eachtraí agus Nioclás Beag: Eachtraí Eile (Dalen Éireann, 2019), leaganacha Gaeilge de dhá leabhar sa tsraith Le Petit Nicolas le René Goscinny.
  • Foilsíodh a leagan Gaeilge de The Wonderful Wizard of Oz sa bhliain 2019 faoin teideal Asarlaí Oscartha Oz.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]