Sèvres

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Monarcha ríoga Fhrancach phoircealláin, a bunaíodh i Vincennes timpeall 1740 is a bhog go Sèvres i 1756. Tháirg sí poirceallán sómasach bogtaois, agus poirceallán cruathaos ó 1769. Ar dtús tháirg sí figiúir áille i ngréithre briosca bána neamhghlónraithe, ach ba é speisialtacht na monarchan gréithre le painéil a péinteáileadh go fíorálainn ar chúlraí a bhí daite go saibhir le hórú greanta.