Robin Knox-Johnston

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Luamhaire Briotanach is ea William Robert Patrick (Robin) Knox-Johnston (1939-). An chéad duine a sheol timpeall an Domhain ina aonar gan stad (1968-1969). Rinne sé curiarracht seolta trasna an Atlantaigh i 1986 (timpeall 10½ lá). Captaen ar an luamh Enza a sheol timpeall an Domhain i 1994 níos tapa ná éinne eile roimhe (níos lú ná 75 lá).