Ribeadán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fuileadán bídeach le balla tanaí a ritheann ó artairín go dtí féitheoigín trí fhíochán ar leith. An láthair mar a dtarlaíonn malartú ábhar (ocsaigin, cothaithigh, dé-ocsaíd charbóin is fuíollábhair eile) idir an fhuil sa ribeadán is an fíochán mórthimpeall air, trí idirleathadh trasna balla an ribeadáin. Úsáidtear an téarma céanna do chainéal beag limfeach.