Riarachán Bia is Drugaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gníomhaireacht rialtais (FDA) sna Stáit Aontaithe a dhéanann iniúchadh is tástáil, agus a leagann síos caighdeáin sábháilteachta d'ábhair bhia, cógais leighis, is raon leathan earraí is seirbhísí baile a fhéadfaidh cur isteach ar shláinte daoine (mar shampla, cosmaidí is sreabháin glanta). Leagann sé síos rialacha d'earraí gaolmhara (cosúil le lipéid, pacáil, soirn is gairis radaithe) agus ionaid ghaolmara (mar shampla, proinntithe, stainníní bia). Glactar le caighdeáin is measúnuithe an FDA go forleathan ar fud an Domhain.