Rauf Denktaş

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRauf Denktaş

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(tr) Rauf Raif Denktaş
Beathaisnéis
Breith27 Eanáir 1924
Paphos, An Chipir Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Eanáir 2012
87 bliana d'aois
an Niocóis Thuaidh, An Chipir Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisMultiple organ dysfunction syndrome (en) Aistrigh
Áit adhlacthaan Niocóis Thuaidh Cuir in eagar ar Wikidata
1 Uachtarán Thuaisceart na Cipire
15 Samhain 1983 – 24 Aibreán 2005
← luach ar iarraidh – Mehmet Ali Talat →
2 Leas-Uachtarán na Cipire
Feabhra 1973 – Iúil 1974
← Fazıl KüçükDeireadh an phoist → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tIoslam Sunnaíoch
Scoil a d'fhreastail sé/síÓsta Lincoln
The English School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí na hAontachta Náisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Tuircis
Teaghlach
PáisteSerdar Denktaş, Raif Denktaş Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

Suíomh gréasáindenktas.info Cuir in eagar ar Wikidata
Find a Grave: 221009438 Cuir in eagar ar Wikidata

Ceannaire ar an Chipir Thuaidh (nó 'Poblacht Thurcach na Cipire Thuaidh', an TRNC[1]) ab ea Rauf Denktaş (27 Eanáir 192413 Eanáir 2012).[2]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mac le breitheamh a bhí ann.[3]

Glaodh chun an Bharra air i Londain (in Ósta Lincoln) sa bhliain 1947. D'fhill sé go dtí an Chipir an bhliain dár gcionn, chun dul leis an dlíodóireacht.

Rinneadh Ionchúisitheoir na Corónach de agus bhí sé ina Aturnae Ginearálta Gníomhach le haghaidh Choilíneacht Chorónach na Cipire idir 1956 agus 1958.[4]

An tUachtarán Makarios, Dr. Fazıl Küçük, fear as na N.A. agus Rauf Denktaş ar dheis

Agus é ina dhlíodóir agus ionchúisitheoir, chasadh sé ar a chara óige Glafkos Clerides (1919-2013, agus ina Uachtarán na Cipire ní ba dhéanaí) a bhíodh chun tosaigh mar abhcóide cosanta i gcásanna in éadan bhall de chuid EOKA, eagraíocht treallchogaíochta Ghréagaigh na Cipire (a raibh Clerides féin ina bhall di).

D'éirigh Denktaş as a bpost leis an rialtas chun páirt a ghlacadh sa pholaitíocht, ar son Thurcaigh na Cipire agus chuidigh sé le bunú an Eagraíocht Thurcach um Fhrithbheartaíocht, chun troid in éadan EOKA, ag deireadh na bliana 1957.[3]

Toghadh arís agus arís eile ina cheannaire ar Phobal Turcach na Cipire é, ar shlite éagsúla, ó 1960 go dtí gur éirigh sé as an bpolaitíocht sa bhliain 2005. Bhí Denktaş ina cheannaire ar Phobal Turcach na Cipire idir 1983-2005.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. tarlaíonn sé nach n-aithnítear “The Turkish Republic of Northern Cyprus” go hoifigiúil ag aon tír ach ag an Tuirc féin
  2. "Rauf Denktash". The Economist (2012-01-21). Dáta rochtana: 2022-01-13.
  3. 3.0 3.1 3.2 Scoil Dlí, COBÁC (2019). "Rauf Denktas". Dáta rochtana: 2022.
  4. Scoil Dlí, COBÁC. "Glafkos Clerides". Dáta rochtana: 2021.