Réadlann Náisiúnta Radairéalteolaíochta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An phríomhréadlann radairéalteolaíochta sna Stáit Aontaithe, le teileascóip chumasacha i nGreen Bank, West Virginia, i gKitt Peak, Arizona, is i Socorro, Nua-Mheicsiceo (mar a bhfuil an tEagar Ollmhór), agus a príomhoifig i Charlottesville, Virginia. Bunaíodh i 1956 í, agus tógadh an chéad teileascóp i 1959. I measc na n-ionstraimí ag Green Bank tá mias 100 m × 110 m a críochnaíodh i 1999, an radaiteileascóp iomlán instiúrtha is mó ar Domhan.