Quo vadis?

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Domine, quo vadis?
Pictiúr le Annibale Carracci, 1602

Tagraíonn an nath cainte Laidineach seo Quo vadis? (cá bhfuil do thriall?) do scéal a insítear i scríbhinní Naoimh Póil faoi Naomh Peadar agus é ar theitheadh as an Róimh roimh saighdiúirí Nero, Impire na Róimhe. Deirtear gur bhuail sé le Críost ar an Via Appia agus d'fhiafraigh Peadar de Quo vadis, Domine? (cá bhfuil do thriall, a Thiarna?). Séard a d'fhreagair Críost ná Venio Romam iterum crucifigi ( táim ar mo bhealach go dtí an Róimh le go crochtar arís mé). Ar an tort d'iompaigh Peadar ar ais ar an Róimh áit ar chrochadh ar chros go gairid tar éis sin é.

Tá séipéal sa lá atá inniu ann ar an Via Appia air a ghlaoitear Domine, Quo Vadis? ag an áit ar a mhaoítear a tharla an eachtra seo.

Do chuid uirlisí