Prionsabal Bernoulli

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa bhfisic, is éard atá i gceist le Prionsabal Bernoulli ná an prionsabal go laghdaíonn an brú i sreabhán atá ag sreabhadh de réir mar a mhéadaítear luas sreafa an tsreabháin.

Tá sé ainmnithe as Daniel Bernoulli a d'fhionn é. Mar shampla, nuair a ritheann uisce i bpíobán le trasghearradh athraitheach, bíonn luas an uisce ag a uasmhéid mar a mbíonn an trasghearradh ag a íosmhéid.

Is é an fórsa a luasghéaraíonn an t-uisce don luas uasmhéideach ná an brú níos airde suas an píobán mar a bhfuil an t-uisce ag rith níos moille.

Tagann an prionsabal seo i bhfeidhm in ardú eití eitleáin, agus in eitilt chuartha liathróide atá ag casadh ag an am céanna.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Prionsabal Bernoulli". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 72.