Próifíl ithreach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Próifíl ithreach a thaispeánann na cisil dhifriúla faoin talamh

Trasghearradh ceartingearach tríd an ithir, ag léiriú 4 bhunléaslíne ithreach: an ciseal uachtarach, an bharrithir, ina mbíonn an t-ábhar orgánach; an fho-ithir uachtarach, a bhíonn lán de chothuithe ach gan aon ábhar orgánach inti; an fho-ithir íochtarach, ina mbíonn ábhar mianrach ar shlí shíonchaite; agus an bhuncharraig, ar díorthaíodh na cisil os a cionn aisti.