Pomagrainít

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tom nó crann duillsilteach, uaireanta spíonach, a fhásann suas le 9 m ar airde. Dúchasach d'iardheisceart na hÁise, ach saothraithe san Eoraip leis na cianta fada. Na duilleoga suas le 8 cm ar fhad, snasta leathfhada urchomhaireach; na bláthanna 2-4 cm ar leithead, an chailís is na peitil scarlóideach; na torthaí 5-8 cm ar leithead, cruinn le craiceann leathrúil, buí nó scothdhearg. An-chuid síolta, gach ceann cumhdaithe i mbia tréshoilseach scothchorcra súmhar milis.