Plé:Iomramh

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.


Curach a thugtar ar an mbád iomramha is coitianta in Éirinn agus is iomaí cinéal a bhí ann. Fráma éadrom a bhíonn ar an gcurach i gcónaí agus craiceann air. Maidir le fad, tá curach abhann na Bóinne geall le 6 troithe ar fhad agus Naomhóg Chiarraí 26 troigh ar fhad. As an áit ina dtógtaí iad a ainmníodh na curaí. Córas iompair, soitheach fóillíochta agus spóirt atá sa churach agus is iomaí cineál atá ann ón gcurach canbháis atá ag iascairí Árann, go naomhóg na gCiarraíoch, ina measc:

Curach Acla Curach Árann Curach Bhéal Deirg Curach na Bóinne Curach Chuan na gCaorach Curach Oileán Inis Scéith Curach Chill Chaoidhe Crann snámha Loch Chuimín an Turais Curach Uaighe (Owey Island) Curach na Rosann Curach Thoraigh


Tá eolas breise faoi na báid seo le fail ar [[1]]

Bíonn rásaí curach ar siúl in Éirinn agus níos faide ó bhaile freisin. Go minic bíonn geallta bád seoil ann taca an ama chéanna, le linn Fhéile Chuigéil, i Leitir Mealláin mar shampla nó mar chuid d’Fhéile Curach an Mháma nó tráth fhéile Milwaukee i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tá eolas ar na himeachtaí seo le fáil ar [[2]]gaeltacht=gaillimh&language=gaeilge&town= Bíonn rásaí go rialta ag an North American Currach Association agus eolais faoi na rásaí sin ag [[3]]


Íomhá chumachtach í íomhá na curaí agus tá sí mar lógó ag dhá chomhlacht ar a laghad in Éirinn, Cló Iar-Chonnachta www.cic.ie agus Cniotáil Inis Meáin [[4]]


nascanna Corracle on river boyne: [[5]]