Plé:Glasán gléigeal

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cá bhfuair tú an t-ainm seo 'Glasán gléigeal'?Ériugena (plé) 22:37, 19 Iúil 2020 (UTC)[reply]

Bhí sé ar an liosta a chruthaigh thú ar an Liosta d'éin na hAsarbaiseáine leathanach...Chaco 22:52, 19 Iúil 2020 (UTC)[reply]

Caithfidh go raibh deifir orm nuair a chum mé é!

Sílim go mbeadh an leagan seo a leanas níos oiriúnaí Glasán sneachtúil'. Mar is eol duit, níl leagan Gaeilge ar fáil ó Thearma.ie de Montifringilla nivalis ! Tagann Montifringilla ón Laidin Mons-montis (sliabh) agus ó fringilla (glasán). Tagann nivalis ón Laidin nix, nivis, agus ciallaíonn sé an dath 'sneachtúil'. Bheadh an leagan 'Glasán sneachtúil' níos giorra don ainmníocht dhéthéarmach (Tagairt: https://ga.wikipedia.org/wiki/Ainmn%C3%ADocht_dh%C3%A9th%C3%A9armach) agus a úsáidtear 'sneachtúil' chun éin eile a ainmniú ar Tearma.ie. Mar shampla; 'éigrit shneachtúil' (snowy egret), 'débhallach sneachtúil' (Peters's twinspot) agus 'ulchabhán sneachtúil' (snowy owl).(Tagairt:https://www.tearma.ie/q/sneacht%C3%BAil/ ) Dá bhrí sin b’fhearr liom 'Glasán sneachtúil'! Ar scor ar bith, b'fhéidir gur mhaith leat an rogha a dhéanamh? Ériugena (plé) 00:25, 20 Iúil 2020 (UTC)[reply]

Bheadh sé go hiontach dá mbeadh sibh sásta dul i dteagmháil leis an gCoiste Téarmaíochta nuair nach bhfuil téarma ar leith ar fáil, mar atá sa chás seo. Is féidir moladh a dhéanamh ar théarma feiliúnach, agus i mo thaithí phearsanta, bíonn an Coiste sásta glacadh le moltaí réasúnacha. Sa chaoi seo, beidh na téarmaí a chumann sibh ar fáil do dhaoine eile. Seo an nasc: https://www.tearma.ie/ceist/ Chomh maith leis sin (agus tá an moladh seo dírithe ar Chaco), an mbeifeá in ann tagairt a dhéanamh do téarma.ie sna haltanna nua seo a bhaineann le speicis nuair a bhíonn téarma oifigiúil ann? Sa chaoi a ndearna mé san alt seo, mar shampla: Criogar Kevin Scannell (plé) 17:09, 20 Iúil 2020 (UTC)[reply]
Okay a Kevin Scannell, cuirfidh mé tagairt sna haltanna ainmhithe a chruthaím. Déanfaidh mé iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le tearma.ie freisin. However, I've tried in the past and didn't a get a reply. Which is a shame because it needs to keep up with Vicipéid in being able to the describe a wider world. Chaco 20:25, 20 Iúil 2020 (UTC).[reply]