Peter Charles Doherty

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Imdhíoneolaí a rugadh i mBrisbane na Astráile, a fuair amach i 1974, lena chomhghleacaí Rolf Zinkernagel, conas go beacht a aithníonn an córas imdhíonach cealla atá ionfhabhtaithe le víreas is ea Peter Charles Doherty (a rugadh ar 15 Deireadh Fómhair 1940). Bhuaigh siad Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/míochaine i 1996 as seo. Cheaptaí gur leor an víreas féin a bheith sa bhfuil chun an córas imdhíonachta a spreagadh chun feidhmithe, tríd an víreas a aithint mar antaigin ag antashubstaintí na fola is na T-chealla a chur á ndíothú. Ach bíonn na víris istigh i gcealla éagsúla, agus conas a d'aithneodh an córas na cealla infhabhtaithe thar na cealla sláintiúla? Thaispeáin na taighdeoirí nach ndéanann na T-chealla trodacha a gcuid oibre ach nuair a bhíonn dhá réamhchoinníoll ann: antaiginí ón víreas (nó ón mbaictéar), agus próitéiní histeachomhoiriúnacha cuí. Ba chéim mhór ar aghaidh an léargas seo chun modh oibre na himdhíonachta a mhíniú.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]