Peannaireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Foirmeacha is stíleanna lámhscríbhneoireachta, difriúil sna teangacha móra. San iarthar ó timpeall 300 RC bhíodh mórscript mar atá sna ceannlitreacha ar inscríbhinní Gréagacha is Rómhánacha. Ón 8ú céad tháinig mionscript le litreacha beaga in úsáid sa Ghréigis. Faightear an script uingeach, le litreacha móra cruinne, i lámhscríbhinní Laidineacha is Gréagacha ón 4ú céad. Tá script reatha, ina mbíonn na litreacha ceangailte le chéile le stríoca míne a chabhraíonn le luas sa pheannaireacht, in úsáid ón 4ú céad. Saothraíodh an script iodálach san Iodáil timpeall 1500, réamhtheachtaire ar chló iodálach an lae inniu. Peannaireacht a thugtar chun foirfeachta ealaíonta is ea callagrafaíocht.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Peannaireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 510.