Patrick Joseph Hartigan
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 13 Deireadh Fómhair 1878 |
Bás | 27 Nollaig 1952 74 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Phádraig, Goulburn |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, sagart, file |
Ainm cleite | John O'Brien |
Teangacha | Béarla |
Sagart Astrálach ba ea Patrick Joseph Hartigan (13 Deireadh Fómhair 1878 – 27 Nollaig 1952). Cheap sé dánta faoin ainm John O'Brien agus bhí cáil ar a chnuasach Around the Boree Log i lár na 20ú aoise. Tá Gaeilge go leor fite fuaite sa Bhéarla iontu san, leithéidí 'shandrydan', 'thuckeen' agus á rá leis.
Cainteoirí dúchais Gaeilge iad a thuismitheoirí, Patrick Hartigan (1842–1940) agus Mary Townsell (1846–1934), arbh as Lios Uí Chathasaigh, Contae an Chláir iad araon. Thángadar go New South Wales i seascaidí an 19ú haois. Deir a ngarmhac Frank Mecham,:
- [T]hey used to speak in Gaelic when there was something they did not want us youngsters to know.
Léigh freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Mecham, Frank. 'John O'Brien' and the Boree Log , Angus and Robertson, Sydney, 1981
- Mecham, Frank. 'Memories of School', Australasian Catholic Record, LXVI, April, 1989,2,lgh 181-188.