Pairilis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leagan ó 01:07, 2 Samhain 2013 le HusseyBot (plé | dréachtaí)
(diff) ← An leasú roimhe seo | Leagan reatha (diff) | An chéad leasú eile → (diff)

Cailliúint gluaiseachta de bharr idirghabháil éigin leis an soláthar néaróg do mhatá(i)n. Is féidir go dtarlóidh sí trí mhilleadh na néarcheall luadrach san inchinn (mar shampla, heimipléige i ndiaidh stróic a mbeadh matáin ar thaobh amháin den cholainn thíos leis), nó i gcorda an dromlaigh (mar shampla, polaimiailíteas). I bparaipléige, cailleann an dá chos a gcumas matánach de bharr gortú do chorda an dromlaigh. I gceathairphléige, cailleann na géaga go léir a gcumas.