Oibríochtaí faireachais de chuid an SPTÉ ar iriseoirí i dTuaisceart Éirinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtOibríochtaí faireachais de chuid an SPTÉ ar iriseoirí i dTuaisceart Éirinn
Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann i mBéal Feirste, 2013

Bhí an SPTÉ (Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann) i mbun faireachais ar scata iriseoirí, go seasta, ó 2007 ar aghaidh, nó Oibríochtaí faireachais de chuid an SPTÉ ar iriseoirí i dTuaisceart Éirinn.[1][2] Is é míniú an PSNI gur ‘iriseoir mioscaiseach is ea tuairisceoir a bhíonn go síoraí sa tóir ar scéalta‘. Ba iad na scéalta atá ‘mí-áisiúil do na póilíní’ na cinn ba mhaith leo a chosc.[3][4][5]

Córas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugadh fianaise i mí na Bealtaine 2024 ag cúirt i Londain, an Binse Cumhachtaí Iniúchta (BCI),[6][7] a éisteann gearáin faoi mhí-iompar na seirbhísí faisnéise.[8] Ó thosaigh an BCI ag fiosrú na caingne, tá fianaise faighte aige go raibh an PSNI ag spiaireacht ar iriseoirí go leor, go rialta. Nochtadh i mbeart 600 leathanach de thaifid a cuireadh ar fáil don mbinse in 2024 go raibh ochtar iriseoirí á bhfaire, a mbillí teileafóin á scrúdú féachaint cé na huimhreacha a raibh siad i dteagmháil leo. Agus bhí go leor eile ar bhunachar, ní haon ionadh é go bhfuil amhras coitianta gur rud é an faireachas ar iriseoirí a bhí go smior sa chóras.

Cuireadh tús leis an tseiceáil sin mar ‘scéim chosanta’ don PSNI in 2007.[9]

O'Toole's Pub, The Heights, Loughinisland, 2009

Sléacht Loch an Oileáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí cás na n-iriseoirí Barry McCaffrey agus Trevor Birney curtha faoi bhráid an bhinse in 2024.[9]

Sa bhliain 2013, bhí Barry McCaffrey i mbun fiosruithe ar Shléacht Loch an Oileáin (i 1994) don suíomh idirlín The Detail, seirbhís a bhfuil ardmheas uirthi. In ionad déileáil leis an gceist ar an ngnáthbhealach, mar a dhéantar leis na scórtha glaonna gach lá, chinn bleachtairí an PSNI nár mhór a fháil amach céard a bhí ar eolas ag an gceistitheoir. Glactar leis go raibh siad ag iarraidh eolas a aimsiú faoina chuid foinsí. Chuige sin rinneadh scrúdú nó ‘monatóireacht’ faoi rún ar ghuthán McCaffrey.[10]

Baineann gearán na beirte roimh an mBCI leis an gcaoi ar caitheadh leo i ndiaidh a scannáin "No Stone Unturned"[11][12] faoi chlaonpháirteachas agus fiosrú easnamhach ar Shléacht Loch an Oileáin i 1994, scannán a tháinig amach in 2017. Rinneadh é faoin Acht um Rialáil na gCumhachtaí Imscrúdaithe, 2000. D’admhaigh rialtas na Breataine in 2022 gur sháraigh Acht 2000 an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.

An bhliain dár gcionn in 2018 rinne póilíní ruathar ar thithe Barry McCaffrey agus Trevor Birney agus oifig an chomhlacht léirithe Fine Point Films a rinne an scannán.

. Ba iad na hiriseoirí seachas na hamhrastaigh dhílseacha a gabhadh. Tógadh a ríomhairí agus gutháin agus b’éigean éirí as cás cúirte ina gcoinne mar nár bhris siad aon dlí: cleas spiaireachta ab ea an t-iomlán ag iarraidh a fháil amach cérbh iad a gcuid foinsí.[9]

In 2020, d’íoc an PSNI cúiteamh £875,000 le McCaffrey, Birney agus an comhlacht léirithe agus ghabh an Príomhchonstábla, Simon Byrne, leithscéal gan choinníoll leis an mbeirt iriseoirí. Ansin rinne na hiriseoirí gearán leis an mBCI faoi mhí-úsáid a bheith bainte as a gcuid comhad.[10]

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Údar mór imní d’iriseoirí é an PSNI a bheith ag dul ag tóraíocht i sonraí atá príobháideach, go háirithe nuair atá rúndacht geallta d’fhoinsí.[10]

Ní coir í an iriseoireacht, fiú iriseoireacht iniúchta.[10] Smál ar an PSNI is ea an faireachas ar iriseoirí a chothaíonn mímhuinín sa phóilíneacht úrnua a bhí in ainm is a bheith níos iontaofa ná an RUC.[9][13]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Béarla: Scandal of PSNI (Police Service of Northern Ireland) spying and surveillance operations on journalists
  2. "Northern Ireland: 'Chilling' evidence of police routinely spying on 'trouble-making' journalists" (en). www.amnesty.org.uk. Dáta rochtana: 2024-05-15.
  3. Haroon Siddique, Haroon Siddique Legal affairs correspondent (2024-05-08). "Northern Ireland police spied on investigative journalists, tribunal told" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2024-05-15.
  4. Jonathan McCambridge (2024-05-15). "Claims PSNI spied on journalists ‘undermining confidence in policing’" (en). The Independent. Dáta rochtana: 2024-05-15.
  5. NUJ. "NUJ backs Northern Ireland Policing Board request for urgent meeting with PSNI Chief Constable". www.nuj.org.uk. Dáta rochtana: 2024-05-15.
  6. Béarla: Investigatory Powers Tribunal nó an IPT (uaireanta "Investigative")
  7. "Investigatory Powers Tribunal" (as en) (2024-03-31). Wikipedia. 
  8. William Horsley (2024-05-03). "Four major threats to press freedom in the UK" (en-US). The Conversation. Dáta rochtana: 2024-05-15.
  9. 9.0 9.1 9.2 9.3 Póilín Ní Chiaráin (15 Bealtaine 2024). "Sainmhíniú an PSNI ar ‘iriseoir mioscaiseach‘? Tuairisceoir a bhíonn go síoraí sa tóir ar scéalta…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-15.
  10. 10.0 10.1 10.2 10.3 Póilín Ní Chiaráin (26 Iúil 2023). "Cathain a aithneoidh an PSNI nach coir í an iriseoireacht iniúchta?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-15.
  11. Alex Gibney (2017). "No stone unturned" (en). ar Vimeo. Dáta rochtana: 2020-06-18.
  12. IMDB (2017). "No Stone Unturned". 
  13. "PSNI to provide report on extent of snooping on journalists and lawyers, Policing Board confirms" (en). The Irish News (2024-05-15). Dáta rochtana: 2024-05-15.