Péint

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ábhar daite a mbíonn dhá chomhábhar ann, an lí is an meán. Úsáidtear í chun maisithe, chun clúdach cosanta a chur ar dhromchlaí foirgneamh is eile, agus i bpéintéireacht. Díorthaítear líocha ó chréanna (cosúil le hócar buí), mianraí (cosúil le malaicít) is dathanna orgánacha, agus le 150 bliain, ábhair shaorga. Táirgtear iad seo mar phúdair, agus easraítear iad sa mheán (ola mar shampla). Sa 20ú céad rinneadh an-chuid forbairtí i bpéinteanna is a ndéantúsaíocht chun go dtriomódh siad go tapa, go mbeadh siad dófhriotaíoch frithchreimeach, oiriúnach do dhromchlaí éagsúla taobh istigh is amuigh, agus raon leathan dathanna ar fáil.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Péint". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 512.