Páirc Richmond

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Páirc Richmond
Richmond Park, Richer
Páirc Richmond
Sonraí
Suíomh Inse Chór, BÁC, Éire
Osclaíodh 1925
Dromchla Féar
Cónaitheoirí
Peil St Patrick's Athletic
Acmhainn
Suíocháin 2,800
Áit seasaimh 2,700

Is staid peile é Páirc Richmond (Richmond Park as Béarla) in Inse Chór i mBaile Átha Cliath theas. Tógadh agus osclaíodh an staid sa bhliain 1925. Imríonn an club peile St Patrick's Athletic sa staid. Is é 5,500 acmhainn an staid. D'imir Shamrock Rovers sa staid freisin ó 2001 go dtí 2004 agus d'imir Dublin City deich gcluiche ann sa bhliain 2005.