Ortha an Ghreama

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dhéantaí Ortha an Ghreama ar fud na hÉireann.

Scéal a bhaineann leis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear go raibh lóistín á lorg ag Muire di féin agus d'Íosa i dteach áirithe. Níor theastaigh ó bhean an tí cead a thabhairt dóibh teacht isteach sa teach, ach dúirt a fear céile leo go dtabharfadh sé cead dóibh codhladh sa scioból. Buaileadh an fear breoite le greim i rith na hoíche agus bhí ar a bhean cuidiú a iarraidh ar Mhuire. Dúirt Íosa le Muire lámh a chur le taobh an fhir agus an ortha a rá. Rinne sí amhlaidh agus leigheasadh an fear.

Ortha an Ghreama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fear mín aige bean bhorb,
a chuir Íosa Críost ina luí insa cholg,
- dearna Mhuire is cúig mhéar Íosa
cuirimse ag scaipeadh is ag scaoileadh an ghreama so,
in onóir Dé is na Maighdine Muire,
ad' iarra' ar Dhia is ar a Mhaighdin ghlórmhair
scaipeadh is scaoileadh a chur ar an ngreim seo!

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó hÓgáin, Dáithí. Myth, Legend and Romance. Londain, 1990.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]