Oileáin Spratly

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Suíomh

Oileánra i Muir na Síne Theas is ea Oileáin Spratley. Níl ach timpeall cúig chiliméadar cearnach d'achar iontu ach tá os cionn 100 díobh ann agus iad scaipthe thar achar 400,000 ciliméadar cearnach. Fágann sin go bhfuil na huiscí mórthimpeall orthu an-luachmhar ó thaobh iascaireachta agus meastar go bhfuil ola agus gás faoin uisce. Mar gheall air seo tá éileamh á dhéanamh ag tíortha éagsúla in Oirdheisceart na hÁise ar na hoileáin go léir nó ar chuid acu, an tSín, Vítneam, An Mhalaeisia agus na hOileáin Fhilipíneacha ina measc, agus baol ann i gcónaí go mbrisfeadh cogadh amach idir cuid de na tíortha sin.