Niels Kai Jerne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Imdhíoneolaí Danmhargach a rugadh i Londain ab ea Niels Kai Jerne (23 Nollaig 19117 Deireadh Fómhair 1994). Ina thaighde ar an gcóras imdhíonach, rinne sé staidéar ar chruthú na n-antashubstaintí, mhínigh forbairt na T-limficítí, agus shaothraigh teoiric an chórais imdhíonaigh ina samhlaítear é mar líonra limficítí is antashubstaintí ag idirghníomhú le chéile. Roinn sé Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/míochaine i 1984 le César Milstein is Georges Köhler as an obair sin.