Naomh Ambrós

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba easpag ar Milano é Ambrós (Laidin:Aurelius Ambrosius) sa cheathrú aois a raibh mar dhuine de na daoine ba mhó thionchar san eaglais ag an am. Rugadh Ambrós idir 337 agus 340. Fuair sé oiliúint i ndlí agus reitric agus bhí post aige mar státsheirbhíseach in Impire na Róimhe. Ag an bpointe sin, bhí príomhchathair na hImpire lonnaithe i Milano. Fuair easpag Mhilano bás i 374 agus thógadh Ambrós mar easpag, cé nach raibh sé baiste ag an am. Báistíodh é, oirníodh ina shagart é agus ceapadh é mar Easpag Mhilano.

Bhí cáil faoi leith ag Ambrós mar sheanmóirí. Chuaigh Naomh Agaistín, nach raibh ina Chríostaí ag an am, chuig an ardeaglais i Milano chun éisteacht le Ambrós ag seanmóireacht. I 387, báistigh Ambrós Agaistín in Aifrinn Domhnaigh na Cásca.

Fuair sé bás ar 4ú Aibreán, 397 agus tá a lá féile ar 7ú Nollag.