Na focail is coitianta sa Ghaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist leis na focail is coitianta sa Ghaeilge ná na focail is mó a deirtear nó a scríobhtar sa Ghaeilge.

Is féidir cuardach a dhéanamh ar cé chomh coitianta is atá focal sa Ghaeilge ar an suíomh http://www.potafocal.com/gt/

Tá inneachar an bhosca ‘Staitisticí’ ann bunaithe ar Liosta Minicíochta Focal Gaeilge atá faoi cheadúnas Open Database License. Tá sé le fáil anseo https://github.com/michmech/irish-word-frequency

Na Deich bhFocal is Coitianta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1 an 1338874 25
  • 2 bí 1194301 28
  • 3 ar 898707 38
  • 4 agus 856233 40
  • 5 is 678055 50
  • 6 ag 673684 51
  • 7 le 663052 51
  • 8 na 660024 52
  • 9 do 526579 65
  • 10 go 458180 74

Sampla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é am an 66ú focal is minice úsáid sa Ghaeilge. Tagann sé chun cinn uair amháin i ngach 794 focal.

Corpas na Gaeilge Comhaimseartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá 33.5 milliún focal i gCorpas na Gaeilge Comhaimseartha faoi láthair.

Is iad na focail is airde minicíochta sa chorpas ná na feidhmfhocail, faoi mar a bheifí ag súil leis. Is éard is feidhmfhocal ann ná focal atá ar bheagán brí nuair a léitear ina aonar é, nó atá débhríoch gan aon chomhthéacs, nó a úsáidtear le tuiseal focal a athrú, mar shampla. Tugtar na brífhocail ar na focail eile; is iad sin na briathra, ainmfhocail, aidiachtaí, agus dobhriathra. Is iad na deich bhfocal is airde minicíochta sa chorpas: an, a, ar, agus, na, go, i, ag, le, is.

Is iad seo an 10 dtéacschomhartha is airde minicíochta don dá roinn chainte úd, briathra agus ainmfhocail:

  • Briathar Ainmfhocal
  • Bhí Gaeilge
  • Tá Duine
  • Atá Chuid
  • Bhfuil Daoine
  • Raibh Teanga
  • Dúirt Am
  • Bheith Gaeltachta
  • Dhéanamh Bliain
  • mBeadh Deireadh
  • Beidh Lucht

Féach an spléachadh seo de na téacscomharthaí is airde minicíochta a bhí rangaithe mar ainmfhocail san Oxford English Corpus (OEC) agus sa Corpus of Contemporary American English (COCA).

Focal Rangú de réir minicíochta in OEC Rangú de réir minicíochta in COCA One 35 51 Time 55 52 People 61 62 Year 63 54 Back 81 108 Two 84 80 Way 90 84 Day 98 90