Néalríomhaireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Meafar néalríomhaireachta: ní gá d'úsáideoirí aghaidh a thabhairt ar an ngrúpa eilimintí líonraithe a sholáthraíonn seirbhísí nó iad a bhainistiú ina n-aonar; ina ionad sin, is féidir an tsraith iomlán crua - earraí agus bogearraí atá á mbainistiú ag soláthraithe a mheas mar scamall éagruthach.

Tagraíonn néalríomhaireacht [1] d’úsáid an idirlín ag comhlachtaí móra ríomhaireachta le seirbhísí a chur ar fáil a bhíonn á gcur ar fáil ag LAN de ghnáth.

Na comhlachtaí a bhíonn ag tacú le seirbhísí néalríomhaireachta, déanfaidh siad sin de ghnáth trí úsáid a bhaint as braislí freastalaithe (ionad lárnach ríomhaireachta a bhfuil a lán freastalaithe comhad comhcheangailte ann) leis na seirbhísí a óstáil a chuireann siad ar fáil d’eagraíochtaí eile atá ábalta na seirbhísí seo a rochtain ó aon ríomhaire fóirsteanach a bhfuil ceangal idirlín aige. Ní gá go mbeadh aon sonraí a úsáidtear stóráilte go háitiúil agus is annamh a bhíonn úsáideoirí na seirbhísí néalríomhaireachta ar an eolas faoin áit a bhfuil na bogearraí atá in úsáid acu nó an freastalaí a úsáidtear lena gcuid sonraí a stóráil lonnaithe.

Aon néal poiblí cosúil leis an cheann seo, seans maith go mbeadh sraith d’ionaid sonraí aige ag suíomhanna fisiceacha difriúla. Gach suíomh tíreolaíoch, d’fhéadfadh sé a lán freastalaithe, gaireas stórála ríomhaire agus comhpháirteanna eile a bheith aige atá in úsáid le tacú leis na seirbhísí atá á chur ar fáil ag an tSolathraí Néalríomhaireachta.

Braitheann néalríomhaireacht ar acmhainní a roinnt chun comhleanúnachais a bhaint amach agus de ghnáth úsáideann sí samhail íoc mar a úsáidtear, a d’fhéadfadh cabhrú le costais chaipitiúla a laghdú ach a bhféadfadh costais oibriúcháin gan choinne a bheith mar thoradh orthu freisin d’úsáideoirí. [2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ray (2018). "An Introduction to Dew Computing: Definition, Concept and Implications - IEEE Journals & Magazine". IEEE Access 6: 723–737. doi:10.1109/ACCESS.2017.2775042. Dáta rochtana: 2021-02-12. 
  2. Wray (2014-02-27). “Where's The Rub: Cloud Computing's Hidden Costs” (en-US). Forbes. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-07-14. Dáta rochtana: 2014-07-14.