Murray Gell-Mann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Murray Gell-Mann

Fisicí teoiriciúil a rugadh i Nua-Eabhrac is ea Murray Gell-Mann (a rugadh ar 15 Meán Fómhair 1929). I 1953 thug sé isteach coincheap an choimhthís, uimhir chandamach nua is gá a imchoimeád in aon idirghníomhú núicléach láidir idir buncháithníní. Bhain sé feidhm as an gcoimhthíos —mar a rinne Yuval Ne'eman, neamhspleách air — chun méasóin, núicléóin (prótóin is neodróin) agus hipearóin a rangú. Bhí siad in ann réamhinsintí a dhéanamh maidir le núicléis, ar an dóigh chéanna a ndearna Dmitri Mendeleev maidir leis na dúile le clár peiriadach na ndúl. Réamhinis sé an cáithnín óimige-míneas (ω-), agus braitheadh i dturgnaimh é i 1964. Le George Zweig, thug sé isteach coincheap an chuairc, gach ceann le trian de lucht an leictreoin agus uimhir baróin ar leith. 6 chuarc a réamhinis siad: íoschuarc, uaschuarc, cuarc coimhthíoch, briochtchuarc, bunchuarc, is barrchuarc. Bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic i 1969 as seo.