Muiríneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Féar crua ilbhliantúil le ríosóim dreaptha, dúchasach do chóstaí thiar na hEorpa. Seamaidí na duilleog infhillte, na panacail cosúil le spící. Féar ceannródaíoch coilíniúcháin, oiriúnaithe do choinníollacha tirime agus in ann adhlacadh le gaineamh aistreach a sheasamh. Cuirtear ar dhumhcha é leis an ngaineamh a tháthú le chéile.