Mogaidisiú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Suíomh Mhogaidisiú sa tír.

Is í Mogaidisiú (Somáilis: Muqdisho, Xamar; Araibis: مقديشو‎ Maqadīshū; Iodáilis: Mogadiscio) príomhchathair na Sómáile agus an chathair is mó sa tír. Is i ndeisceart na tíre atá an chathair lonnaithe, ina luí ag Cósta Benadir, in aice an tAigéan Indiach. Is calaport tábhachtach í go stairiúil.

Thit rialtas lárnach na tíre sa bhliain 1991, agus tá troideanna ar siúl fós idir na mílístí éagsúla sa chathair. Bhí cathanna móra sa chathair sa bhliain 1993, agus arís i 2006.