Modern Family

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Modern Family
Modern Family Title.svg
Seánra Dráma grinn suímh
Fad na n-eipeasóidí Timpeall 22 nóiméad
Dearthóir(í) Christopher Lloyd
Steven Levitan
Léiritheoir(í) Steven Levitan
Christopher Lloyd
Foireann Ed O'Neill
Sofía Vergara
Julie Bowen
Ty Burrell
Jesse Tyler Ferguson
Eric Stonestreet
Sarah Hyland
Ariel Winter
Nolan Gould
Rico Rodriguez
Aubrey Anderson-Emmons
Teanga Béarla
Tír SAM
Craoltóir Disney-ABC Domestic Television
Chéad rith Meán Fómhair 23, 2009 –
Méid séasúr 5
Méid eipeasóidí 120

Is clár teilifíse grinn Meiriceánach é Modern Family a céadchraoladh sa bhliain 2009. Christopher Lloyd agus Steven Levitan a chruthaigh.

Is scigchlár faisnéise é, sé sin gur ficsean atá ann ach labhraíonn na carachtair isteach sa cheamara go minic. Tá trí theaghlach i gceist; Jay Pritchett agus a dara bean chéile ag a bhfuil mac aici, clann iníon Jay Pritchett, Claire Dunphy agus mac le Jay, Mitchell agus a chlann. Tháinig Lloyd agus Levitan ar choincheap na sraithe agus iad ag malartú scéalta faoina dteaghlaigh nua-aimseartha. D'fhéach 12.6 milliún ar chéad thaibhiú na sraithe agus moladh go hard é. Ó shin lean le moltaí léirmheastóirí agus bhain sé Duais Emmy don tSraith Ghrinn Is Fearr trí bliana as a chéile agus an Duais Emmy don Aisteoir Is Fearr i Sraith Ghrinn, chomh maith leis an mBan-Aisteoir Is Fearr i Sraith Ghrinn do Julie Bowen. Bhuaigh sé Duais Golden Globe don tSraith Teilifíse is Fearr – Ceoldráma nó Sraith Ghrinn. Dúirt Brian Lowry, ó Variety, "agus an clár ag mioneitilt idir trí scéalt éagsúil, tá sé cliste, gníomhach agus an rud is fearr; greannmhar, ag an am céanna ag léiríú dúinn na hathruithe atá ag teacht ar an rud atá i gceist le 'teaghlach'".