Miro

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Deilbhín Miro
Gabháil scáileáin

Is feidhmchlár é Miro (ar a ghlaodh Democracy Player tráth) lenar féidir breathnú ar fhíseáin ar an ngréasán domhanda. D'fhorbair eagras darbh ainm an Participatory Culture Foundation é. Creideann siad gur chóir go mbeadh saoirse ag gach duine pé rud is mian leo a fheiceáil, a fheiceáil.

Feidhmíonn sé ar Microsoft Windows, Mac OS X, agus Linux. Seineann sé formhór na comhaid fhíse atá ann agus seineann sé comhaid ardghléine freisin. Tá an suíomh www.getmiro.com aistrithe go Gaeilge agus tá Miro féin aistrithe go Gaeilge.

Tá Miro ar fáil saor in aisce le ceadúnas Ceadúnas Coitianta Poiblí GNU.

Gnéithe[athraigh | edit source]

Is féidir le Miro físeáin a íosluchtú go huathoibríoch ó bhealaí RSS-bhunaithe, iad a bhainistiú agus iad a sheinm. Seineann Miro na comhaid fhíse seo a leanas: Quicktime, WMV, MPEG, AVI agus XVID. Is féidir leis plé le comhaid BitTorrent.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]