Milléad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoMilléad
Mugilidae Cuir in eagar ar Wikidata

Mugil cephalus Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeActinopteri
OrdMugiliformes
FineMugilidae Cuir in eagar ar Wikidata
Cuvier, 1829

Is fine iasc ga-eiteach é an milléad nó an lannach glas (nó liath) (Mugilidae) a aimsítear i ngnáthóga ar an gcósta, in aigéin thrópaiceacha agus mheasartha an domhain agus i gcásanna áirithe aimsítear roinnt speicis i bhfíoruisce freisin.

Is féidir milléad a aithint toisc a dhá eite droma faoi leith agus a bhéal beag triantánach, ach bíonn easpa an orgáin líne an taoibh aige. Itheann siad drámh, sé sin, substaintí orgánacha neamhbheo, agus bíonn goilí matánacha acu de ghnáth agus faraing choimpléasc a chuidíonn le díleá.

Aicmiú agus gnás ainmnithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pléann tacsanomaithe leo mar bhaill aonair den Ord Mugiliformes, ach mar a dúirt Nelson “ bhí a lán easaontais faoi ghaolmhaireachtaí na fine seo”.

De réir gur iasc spíon-eiteach é, tugann seo le fios dúinn go bhfuil ballraíocht san sárord Acanthopterygii ag an bhfine seo, agus sa bhliain 1960, bhí siad rangaithe mar luath-perciforms, cé gur ghrúpáil daoine eile iad i measc na Atheriniformes.