Michael Cera

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teimpléad:Bosca sonraí aisteoir Is aisteoir Ceanadach é Michael Cera, a rugadh ar an 7 Meitheamh, 1988. Bhí cúpla mion-pháirteanna aige i scannáin, sraitheanna teilifíse agus fógraí teilifíse sular rinne sé páirt George-Michael Bluth sa dráma grinn suímh Arrested Development. Mhair Arrested Development trí séasúr sular cuireadh ar ceal é air. Rinne Cera páirt mic an phríomhcharachtair atá i ngrá lena chol ceathrar.

Anuas ar sin, tá Cera i mbéal an phobail mar gheall ar na páirteanna a bhí aige sna scannáin Juno, Superbad, Nick and Norah's Infinite Playlist agus Year One. Tá an t-iomrá ann go mbeidh sé sa leagan scannáin de Arrested Development.

Foilsíodh Pincone, gearrscéalta a scríobh Cera, san irisleabhar liteartha McSweeney's Quarterly sa samhradh 2009.