Meatadón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Druga sintéiseach óipiamchosúil é an meatadón, nó (RS)-6-(démheitil-aimín)-4,4-défheinil-heaptán-3-ón.

Úsáidtear mar anailgéiseach (druga a mhaolaíonn an phian) é, agus is maith an sás é mar dhruga "ionadach" a thugtar dóibh siúd a bhfuil andúil acu sna drugaí óipiamchosúla (go háirithe hearóin) leis na hairíonna éirí as a mhaolú. Téann an meatadón i bhfeidhm ar ghabhdóirí na ndrugaí óipiamchosúla sa cholainn, ionas go laghdaítear an dúil nimhe atá ag an othar sa héaróin.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile