Mariana Duarte Santos

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMariana Duarte Santos
Beathaisnéis
Breith1995
28/29 bliana d'aois
Liospóin, An Phortaingéil Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Phortaingéilis
Gníomhaíocht
Gairmpéintéir, múrmhaisiú, ealaíontóir graifítí, péintéir ola Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Phortaingéilis
Saothar
Saothar suntasach

Suíomh gréasáinmarianaduartesantos.com Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: artmarianasantos Instagram: mariana95santos Cuir in eagar ar Wikidata

Is amharcealaíontóir as Liospóin na Portaingéile í Mariana Duarte Santos a oibríonn go príomha i bpéintéireacht ola, líníocht, priontaí agus péinteáil múrphictiúr.

Bhí seónna grúpa agus aonair aici sa Phortaingéil, sa Spáinn, sna S.A., sa RA agus in Éirinn agus tá breis is 50 múrphictiúr péinteáilte aici ar fud na Portaingéile, na Spáinne, Lucsamburg agus na hÉireann.

Tá nádúr fíorach ina saothar agus tá tionchar mór ar an saothar sin ag réimsí ealaíne eile lena n-áirítear an scannánaíocht agus an litríocht uirthi. Maidir le healaín phoiblí, tá na téamaí a mbíonn sí ag obair orthu dírithe go príomha ar choincheapa na cuimhne, na féiniúlachta comhchoiteann agus scéalta áitiúla, agus mar sin tá pictiúir cartlainne ag croílár a saothar múrphictiúr.

Am Iasachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa taispeántas “Am Iasachta”, roinneann Mariana Duarte Santos sraith líníochtaí, pictiúir agus gearrthacha líonóile spreagtha ag stadáin as seanscannáin/seónna teilifíse atá bailithe aici thar na blianta. Sa saothar seo, féachann sí leis na híomhánna tochtmhara seo a athnuachan nó beocht úr a chur iontu trí iad a scaradh amach óna gcomhthéacs bunaidh agus iad a chur i láthair ar bhealach nua.

“De ghnáth glacaim inspioráid ó shuímh agus ó chásanna laethúla chomh maith leis an chaidreamh idir daoine agus a gcuid smaointe inmheánacha. Is maith liom íomhánna débhríoch a chruthú a chuireann scéal in iúl ag an am céanna agus a bhfuil insintí oscailte acu ar féidir le gach breathnóir iad a thuiscint ar a bhealach féin.”

Bíonn claonadh ag Mariana go leor scannán/seónna teilifíse nach bhfuil mórán aithne orthu a roghnú, nach mbíonn aisteoirí inaitheanta iontu, cionn is gur mian léi go ndíreofar ar áilleacht na n-íomhánna féin seachas ar phortráid de “dhuine cáiliúil”.

Go minic, cuireann na saothair ealaíne a eascraíonn astu scéal oscailte in iúl nó bomaite de theannas amhail is go mbeadh rud éigin ar tí titim amach.

Gluaiseann íomhánna i scannáin chomh gasta sin nach dtugtar aird orthu, agus tá súil ag an ealaíontóir go gcuirfear beocht nua agus scéalta nua sna híomhánna “caite” seo má léiríonn sí i meán, am agus comhthéacs nua iad. Sa bhliain 2024 bhí taispeántas aici i Cultúrlann McAdam Ó Fiaich.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]