Mais-speictriméadar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I mais-speictriméadar, bristear móilíní ina mbloghanna go dtí maiseanna éagsúla.Is ionstraim an-tábhachtach anailíse í chun comhdhéanaimh adamhacha agus iseatópacha a aimsiú.<ref name="FreamhanEolais">Hussey, Matt (2011). "Mais-speictriméadar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 434.</ref Deighealtar na móilíní agus taifeadtar na méideanna coibhneasta, rud a thugann mais-speictream an mhóilín. Bíonn mais-speictream éagsúil ag móilíní éagsúla. Is féidir, dá bhrí sin, mais-speictriméadracht a úsáid chun anailís a dhéanamh ar ábhair amhail gáis ó ionad dumpála dramhaíola agus chun truailleáin orgánacha a rianú in uisce. Cheap an t-eolaí Briotanach Francis Aston (1877-1945) é i 1919.


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]