Mainistir Dhroim Chliabh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Mainistir Dhroim Chliabh
Íomhá
Sonraí
CineálEaglais agus suíomh stairiúil
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinDrom Cléibh, Éire
Map
 52°52′05″N 8°59′52″W / 52.867919°N 8.997653°W / 52.867919; -8.997653
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir204

Mainistir i Sligeach í Mainistir Dhroim Chliabh. Naomh Colm Cille a bhunaigh an mhainistir seo, atá roinnte ag an bpríomhbhóthar, timpeall na bliana 574 ar thalamh a thug rí áitiúil dó. Ba mhinic baill threabh Choilm Chille, Cineál Chonaill, ina gcomharbaí (tuathriarthóirí) ar an mainistir. Rinneadh go leor damáiste di i ndóiteán sa bhliain 1267. Sa 10ú nó san 11ú céad a tógadh an cloigtheach, ach bhuail tintreach é in 1396. Bhí doras go hard os cionn leibhéal na talún ann agus é ag breathnú soir, i dtreo dhoras phríomheaglais na mainistreach, is dóigh.

Tá fíortha Ádhaimh agus Éabha, Cháin agus Áibil, Dhainéil i bPluais na Leon, agus Chríost faoi Ghlóir ar aghaidh thoir na hardchroise a tógadh timpeall an 9ú céad agus ar a haghaidh thiar tá an Céasadh agus fíortha eile nach féidir a aithint anois. Tá roinnt mhaith ornáidíochta idir ainmhíoch agus dhualach uirthi. Úsáideadh na crosanna chun scéalta ón mBíobla a léiriú do phobal nach raibh léamh ná scríobh acu, den chuid ba mhó.

Séadchomhartha Náisiúnta is ea an chrois atá faoi chúram Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí thar ceann an Stáit de réir Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta. Iarrtar ar an bpobal cabhrú leis na Coimisinéirí chun é a chosaint.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]