Is ceantar i gComhairle Mhoireibh, in Albain, é Machair Mhoireibh.[1] Machaire méith í Machair Mhoireibh. De ghnáth tugtar an t-ainm ar an gceantar idir Fachabair agus Brodie. Cuimsíonn Machair Mhoireibh bailte Eilginn, Farrais, Inbhir Losaidh, am Broch, Hudaman agus Lann Bhrìghde.