Macau

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilMacau
澳門特別行政區 (zh-hant)
Região Administrativa Especial de Macau (pt) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnSiúl na nÓglach (1999) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 22°11′24″N 113°32′17″E / 22.19°N 113.5381°E / 22.19; 113.5381
Stát ceannasachDaon-Phoblacht na Síne Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán682,100 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús5,915.87 hab./km²
Teanga oifigiúilan Phortaingéilis
An Mhandairínis Chaighdeánach
Cantainis Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnAn Búdachas, Chinese folk religion (en) Aistrigh agus An Chríostaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deAn Áise Thoir
Daon-Phoblacht na Síne
European Union tax haven blacklist (en) Aistrigh (–2018) Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla115.3 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde22 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeAlto de Coloane (en) Aistrigh (1,706 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síPortuguese Macau (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
1557
20 Nollaig 1999
Saoire phoiblí
ÉarlamhEoin Baiste Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas Macau Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachComhthionól Reachtaíochta Macau Cuir in eagar ar Wikidata
• Chief Executive of Macau (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataHo Iat Seng (2019–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil30,123,795,337 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadraMacanese pataca (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.mo Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+853 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála999 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreMO Cuir in eagar ar Wikidata
Cód ISO 3166-2CN-MO agus CN-92 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáingov.mo Cuir in eagar ar Wikidata

Is iar-choilíneacht Phortaingéalach é Sainréigíún Riaracháin Macau ar cuid de Dhaon-Phoblacht na Síne í inniu. Cosúil le Hong Cong, fuair Macau stádas an "tsainréigiúin riaracháin" nuair a shealbhaigh an tSín arís í de thoradh an díchoilínithe. Tá Macau ag críochantaíocht le Hong Cong thoir agus le cúige Guangdong thuaidh. Creidtear go bhfuil ainm Portaingéilise na háite bunaithe ar an bhfocal Sínise 媽閣/Māgé a chiallaíonn "teampall an dé Mazu" - dia cosanta na mairnéalach i gcreideamh traidisiúnta na Síne. An t-ainm Sínise atá ar an áit inniu, mar atá, 澳門/Àomén, is é is brí leis ná "Geataí an Inbhir". Is é an t-inbhear atá i gceist ná deilt Abhainn na bPéarlaí (Abhainn Zhujiang), agus tá idir Hong Cong, Macau agus a lán cathracha móra Síneacha suite chois na deilte seo.

Is iad an tSínis agus an Phortaingéilis teangacha oifigiúla Mhacau, cé nach bhfuil an Phortaingéilis ó dhúchas ach ag 2 % de mhuintir na háite. Is í an Chantainis an chanúint Sínise is mó a labhraítear. Maidir leis an gcineál Sínise a scríobhtar, níor ghlac pobal Síneach Mhacau riamh leis na simpliúcháin a rinneadh ar na comharthaí Síneacha i nDaon-Phoblacht na Síne, agus mar sin, is iad na comharthaí casta traidisiúnta a fheictear ar na fógraí poiblí i gcónaí.

Stair Mhacau[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Macau an chéad choilíneacht riamh a bhunaigh na hEorpaigh sa tSín, agus bhí sé ar an gceann deireanach a díchoilíníodh. Ar dtús, ní raibh ann ach cuan iascaireachta. Na chéad daoine a shocraigh síos san áit ar aon nós ba dídeanaithe iad a bhí ag iarraidh teacht slán ó na Mongólaigh i ré Rítheaghlach Song Theas (rítheaghlach a bhí ag rialú na Síne ón deichiú haois go dtí an tríú haois déag AD). Ina dhiaidh sin, áfach, chuir a lán iascairí ó Chúige Guangdong agus ó Chúige Fujian fúthu san áit. Níor tháinig fás ceart ar Mhacau ach le teacht na bPortaingéalach. Tháinig na trádálaithe Portaingéalacha go Macau sa tséú haois déag an chéad uair. Bhí na Sínigh an-drochamhrasach i leith na strainséirí seo, áfach, agus ar dtús ní raibh cead acu ach fanacht ar ancaire timpeall na cathrach - is é sin ní fhéadfadh na Portaingéalaigh dul i dtír. Maolaíodh ar na srianta seo de réir a chéile, áfach, agus sa bhliain 1557, bhunaigh na Portaingéalaigh an chéad bhuanáitreabh dá gcuid féin i Macau. Ní raibh na Sínigh sásta, áfach, ardcheannas an limistéir a ghéilleadh dóibh: ní raibh an áit ach ar cíos acu, agus chaithfidís 20 cileagram airgid ghil a íoc le hImpire na Síne in aghaidh na bliana.

Tháinig borradh faoi eacnamaíocht na háite go luath, agus na cumhachtaí Eorpacha eile in éad leis an bPortaingéil faoin áit. I dtús na seachtú haoise déag rinne na hOllannaigh iarracht i ndiaidh a chéile leis an gcoilíneacht a fhorghabháil is a shealbhú. Ar an 24 Meitheamh 1622, d'ionsaigh fórsa ionraidh Ollannach an áit faoi cheannas an Chaptaein Kornelis Reyerszoon, agus cuireadh cath fíochmhar ar a dtugtar Cath Mhacau inniu. Sclábhaithe Afracacha ab ea an chuid ba mhó de na saighdiúirí a bhí ag cosaint na cathrach, agus chomh cróga is a throid siad bhí siad in ann an cath a bhriseadh ar na hOllannaigh, ionas gur ghlac siad leis nach bhféadfaidís an choilíneacht a sciobadh ón bPortaingéil le lámh láidir. Níor ionsaigh siad Macau arís i ndiaidh na teagmhála seo.

I ndiaidh Chogaí an Óipiam idir na Sasanaigh agus na Sínigh (1839-42), d'fhorghabh na Portaingéalaigh an dá oileán úd Taipa (1851) agus Coloane (1864) in aice le leithinis Mhacau. Ar an 1 Nollaig 1887, shínigh na Portaingéalaigh agus ionadaithe Rítheaghlach Qing an "Conradh Cairdis agus Trádála", inar ghéill an tSín flaitheas agus ardcheannas na háite don Phortaingéil. I ndiaidh Réabhlóid Xinhai (1911) agus fógairt Phoblacht na Síne (1912), tháinig an chuma ar an scéal nach raibh fad saoil i ndán do choilíneacht Mhacao, nó bhí go leor de mhuintir na Síne míshásta le pribhléidí na nEorpach sa tír, agus spreagadh mór a bhí sa tseineafóibe seo don réabhlóid féin. Mar sin, nuair a d'éirigh le Guomindang, an páirtí náisiúnaíoch, na miontiarnaí cogaidh a chloí agus rialtas cobhsaí a chur ar bun sna fichidí, cuireadh an Conradh Cairdis agus Trádála ar ceal. Bhí rialtas nua na Síne sásta, áfach, conradh nua a shíniú leis an bPortaingéil sa bhliain 1929 nár athraigh stádas Mhacau ar aon nós.

I rith an Dara Cogadh Domhanda, bhí stádas neodrach ag Macau, agus borradh mór faoi gheilleagar na cóilíneachta, ó bhí sí ar an t-aon áit neodrach amháin sa réigiún. Bhí na Seapánaigh féin sásta urraim a thabhairt don neodracht seo, ach i Mí Lúnasa 1943, d'éirigh ina chogadh bheag i gcuan Mhacau idir na Sasanaigh agus na Seapánaigh, nuair a shealbhaigh na Seapánaigh long Shasanach, an Sian, le lámh láidir. Go gairid ina dhiaidh sin, chuir na Seapánaigh d'fhiacha ar lucht rialtais Mhacau glacadh le "comhairleoirí" ón tSeapáin - mura nglacfaidís, thiocfadh trúpaí ón tSeapáin leis an gcathair a fhorghabháil scun scan. Thoiligh Macau le rogha an dá dhíogha, agus rinneadh coimirceas Seapánach den áit, go praiticiúil, cé gur choinnigh an chathair a stádas oifigiúil neodrachta. Sa bhliain 1945, áfach, thug na Meiriceánaigh cúpla aer-ruathar faoin áit, áfach, nó fuair siad amach go raibh Macau ag díol tráchtearraí míleata, ar nós breosla eitleán, leis an tSeapáin.

I ndiaidh an chogaidh tháinig Daon-Phoblacht na Síne ar an bhfód, agus d'fhógair an rialtas Cumannach nach raibh sé leis an gconradh a urramú a thuilleadh, nó ba é an tuiscint a bhí ag na Cumannaigh ar an gconradh sin gur deachtráiteas a bhí ann - conradh aontaobhach éagothrom a cuireadh i bhfeidhm beag beann ar leas mhuintir na Síne. Bhí an rialtas Cumannach sásta ceist an chonartha a fhágáil ar fionraí, nó go dtiocfadh an t-am oiriúnach lena plé leis an bPortaingéil.

Sa bhliain 1974 bhris réabhlóid - Réabhlóid Lus na Gile - amach sa Phortaingéil a chuir deireadh leis an deachtóireacht eite deise a bhí i bhfeidhm ansin roimhe sin. An rialtas radacach míleata a tháinig chun cinn ansin, shocraigh sé na gabháltais thar sáile a dhíchoilíniú, Macau ina measc. Sa bhliain 1976 d'fhógair an Phortaingéil gur "réigiún Síneach faoi fhorlámhas sealadach na Portaingéile" a bhí i Macau, agus fuair an choilíneacht cumhachtaí cuimsitheacha féinrialtais. Sa bhliain 1986 thosaigh comhchainteanna na Síne agus na Portaingéile faoi dhíchoilíniú Mhacau, agus de thoradh na gcomhchainteanna sin, chuaigh Macau ó lámh na Portaingéile go lámh na Síne ar an 20ú Nollaig 1999.

Radharc oíche ar Mhacau

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]