Míniú ildomhan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa bhfisic, tairiscint a rinne an fisicí Meiriceánach Hugh Everett i 1957 maidir le tomhas i gcóras candamach, go dtarlaíonn gach toradh ar féidir leis tarlú. I gcodarsnacht leis an dearcadh comhghnásach go bhfeictear (is go dtomhaistear) staid amháin de na staideanna ar féidir leo tarlú. Thiocfadh an chonclúid ón dearcadh ildomhan go bhfuil an Chruinne ag deighilt an t-am ar fad chun líon ollmhór cruinní eile a tháirgeadh, go bhfuil siad sin go léir ann, nach n-idirghníomhaíonn siad le chéile, agus go mairimídne i gceann amháin de na cruinní seo. Réitíonn an teoiric nó an míníu seo deacrachtaí i dteoiric chandamach na dtomhas, ach ar bhealach ró-amhrasach ar fad.