Méró

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gléasadh práis airgeadta ón bhliain 1867 ag léiriú Mhéró agus é caithréimeach i gcath, le Emmanuel Frémiet.

De réir finscéil, b'é Méró (411-457) (Laidin: MeroveusMerovius; Fraincis: Mérovée Gearmáinis Merovech) bunaitheoir ríshliocht Meirvínseach na bhFranc Sailíneach, treibh a bhain ardcheannas amach i measc na bhFranc níos déanaí ar aghaidh. Is í an chiall atá leis an bhfocal 'Marwig' sa tsean Ghearmáinis ná 'troid (wi-g) iomráiteach (ma-ri)'. Cuir seo i gcomparáid le "mare" (Gaeilge: cáiliúil) agus "vecht" (Gaeilge: troid), san Ollainnis nua-aimseartha . Thug an chéad ríshliocht ríoga de chuid na bhFranc "Meirvínsigh" ("sliocht Mhéró") orthu féin.

Is beag an t-eolais ata ar fáil mar gheall air ina dhiaidh sin i stair na bhFranc. D'ainmhígh Gregorius Turonensis é, ach uair amháin, mar athair Childéric I agus ag an am céanna ag cur amhras ar a shliocht ó Chlodio. Admháiltear sa lá atá inniu ann go bhfaigheann an míniú seo a fhoirmiú i bhfinscéal arna dtuairisciú ag Frédégaire. Idirshuigh sé ar thagairt Ghregorius, ag rá gurb é Méró mac an bhanríon, bean Chlodio; ach go raibh a athair ina dhia-farraige, bistea Neptuni. Níl aon fhianaise stairiúla eile ann gur mhair Méró riamh. Tá roinnt taighdeoirí den tuairim go raibh Méró ina dhia nó ina leath-dhia ag na bhFrainc roimh iad a bheith iompaithe ina gCríostaithe. Bhí sé molta go dtagraíonn Méró d'abhainn "Merwede" na hOllainne, sa lá atá inniu ann atá mar chuid den deilt "Réin-Meus-Scheldt" ach go stairiúil a bhí ina phríomh fhochuideachta na Réine, sa cheantar ina raibh, de réir na staraithe Rómhánach, áit chónaithe na bhFranc Sailíneachan ann uair amháin. Tugann teoiric eile le fios gur finscéal é seouilig a chruthaíodh chun stair mhiotaseolaíoch a thabhairt mar thacaíocht do riail na bhFranc in Iarthar na hEorpa.