Luis Caffarelli

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLuis Caffarelli

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith8 Nollaig 1948
75 bliana d'aois
Buenos Aires, An Airgintín Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Buenos Aires
Colegio Nacional de Buenos Aires Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilcéim dochtúireachta
Comhairleoir dochtúireachtaCalixto Pedro Calderón
Áit chónaitheBuenos Aires
Gníomhaíocht
Réimse oibreAnailís mhatamaiticiúil agus cothromóid pháirtdifreálach
Gairmmatamaiticeoir, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Texas, Austin
Ollscoil Chicago
Ollscoil Nua-Eabhrac
Ollscoil Minnesota Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Saothar
Mac léinn dochtúireachtaOvidiu Savin, Eduardo Teixeira, Ioannis Athanasopoulos, Enrico Valdinoci, Guido de Philippis, Daniel Phillips, Lihe Wang, Ki-ahm Lee, Leonardo Bonorino, Peiyong Wang, Néstor Edgardo Aguilera, Ivan Alexander Blank, Luis Silvestre, Monica Torres, Diego Ribeiro Moreira, Claudia Beatriz Lederman, Russell Schwab, Nestor Guillen, Betul Orcan, Ray Yang, Lan Tang, Rafayel Teymurazyan, Veronica Rita Antunes de Soares Quitalo, Rohit Jain, Hector Andres Chang-Lara, Hui Yu agus Luis Felipe Duque Alvarez
Teaghlach
CéileIrene M. Gamba Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Matamaiticeoir Airgintíneach-Mheiriceánach[1] is ea Luis Ángel Caffarelli (rugadh 8 Nollaig 1948). Déanann sé staidéar ar chothromóidí páirtdifreálacha agus ar a bhfeidhmiúcháin.

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh agus d'fhás Caffarelli aníos i mBuenos Aires. Ghnóthaigh sé Máistreacht san Eolaíocht (1968) agus Ph.D. (1972) amach in Ollscoil Buenos Aires. Ba é Calixto Calderón an comhairleoir Ph.D. a bhí aige.[2] Faoi láthair tá Ollúnacht Sid Richardson aige in Ollscoil Texas in Austin. Bhí sé ina ollamh freisin in Ollscoil Minnesota, in Ollscoil Chicago, agus in Institiúid Courant na nEolaíochtaí Matamaitice in Ollscoil Nua-Eabhrac. Ó 1986 go 1996 bhí sé ina ollamh san Institiúid Ard-Léinn in Princeton.

Taighde[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Caffarelli aitheantas le "The regularity of free boundaries in higher dimensions" a foilsíodh sa bhliain 1977 in Acta Mathematica. Meastar gur saineolaí é ar fhadhbanna saorfhóireacha agus ar chothromóidí páirtdifreálacha neamhlíneacha. Chruthaigh sé roinnt torthaí rialtachta maidir le cothromóidí éilipseacha iomlána neamhlíneacha lena n-áirítear an chothromóid Monge-Ampere, agus chuir sé le teoiric an homaiginithe freisin. Tá suim aige freisin i gcothromóidí suimeálacha-difreálacha.

Foilsíodh ceann de na torthaí is mó a luaitear leis sa pháipéar Partial regularity of suitable weak solutions of the Navier–Stokes equations in 1982 i gcomhar le Louis Nirenberg agus Robert V. Kohn.

Gradaim agus aitheantas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1991 toghadh é chuig Acadamh Náisiúnta na nEolaíochtaí SAM. Bhronn an École Normale Supérieure, Ollscoil Notre Dame, an Universidad Autónoma de Madrid, agus an Universidad de La Plata, an Airgintín, dochtúireachtaí oinigh air. Bhain sé Duais Chuimhneacháin Bôcher amach i 1984.

Sa bhliain 2003 bhronn an Fhondúireacht Konex ón Airgintín Duais Diamond Konex air, ceann de na dámhachtainí is mó le rá san Airgintín, mar 'An tEolaí is Tábhachtaí' sa tír le deich mbliana anuas. Sa bhliain 2005, fuair sé Duais chlúiteach Rolf Schock de chuid Acadamh Eolaíochtaí Ríoga na Sualainne “for his important contributions to the theory of nonlinear partial differential equations”. Bhain sé amach Duais Leroy P. Steele do Ghnóthachtáil Saoil sa Mhatamaitic freisin sa bhliain 2009. Sa bhliain 2012 bronnadh Duais Wolf sa Mhatamaitic air (i gcomhpháirt le Michael Aschbacher) agus rinneadh comhalta de Chumann Matamaitice Mheiriceá de.[3] Sa bhliain 2017 thug sé Léacht Łojasiewicz in Ollscoil Jagiellon (Uniwersytet Jagielloński) i Kraków.

Sa bhliain 2018, ainmníodh é ina Chomhalta SIAM agus fuair sé Duais Shaw sa Mhatamaitic.

Sa bhliain 2023, bronnadh Duais Abel air “for his seminal contributions to regularity theory for nonlinear partial differential equations including free-boundary problems and the Monge–Ampère equation”.[4]

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá leabhar scríofa ag Caffarelli i gcomhar le duine eile.

  1. Fully Nonlinear Elliptic Equations le Luis Caffarelli agus Xavier Cabré (1995), American Mathematical Society. ISBN 0-8218-0437-5
  2. A Geometric Approach to Free Boundary Problems le Luis Caffarelli agus Sandro Salsa (2005), American Mathematical Society.ISBN 0-8218-3784-2ISBN 0-8218-3784-2

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  2. Elaine Kehoe. "Aschbacher and Caffarelli Awarded 2012 Wolf Prize", Notices of the AMS, V. 60 N. 3. April 2013, pp. 474–475
  3. List of Fellows of the American Mathematical Society, retrieved 2012-11-10.
  4. Castelvecchi (2023). "Abel Prize: Pioneer of 'Smooth' Physics Wins Top Maths Award". Nature 615 (7954). doi:10.1038/d41586-023-00833-4. PMID 36949131. Bibcode2023Natur.615..777C. Dáta rochtana: 2023-03-30.  Nature Vol.615 No.7954, 30 March 2023, News p777

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]