Luasaire líneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Luasaire cáithníní i bhfeadán díreach folúsach ina luasghéaraítear cáithníní luchtaithe trí sheicheamh leictreoidí sorcóireacha ag voltais a mhéadaíonn ó cheann amháin go dtí an chéad cheann eile é Luasaire líneach. Tugtar linac ar a leithéid freisin. I Stanford sna Stáit Aontaithe, tá luasaire líneach atá timpeall 3 km ar fhad.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Luasaire líneach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 420.